Dé Luain 15 Meitheamh 2009
Dé Luain 15 Meitheamh 2009
Pete Phaidí Neidí
Rugadh Pete Phaidí Neidí (Peadar Mac Suibhne) ar an 20ú lá de Lúnasa 1912. Bá é an naoú duine clainne de Roise Eoin Sheáin agus do Phaidí Neidi. Bhí deich gcloigne de theaghlach uilig ann.
Ag éirí aníos do Phete d’obair sé go cruaidh mar a d’oibir chuile dhuine san ám sin. Bhí beagán airgid ag an teaghlach ach is minic a dúirt sé nach raibh ocras ariamh orthu nó bhí go leor bia farraige agus bia cladaigh acu le cois a guid curaíochta fhéin.
Fear stuama, staidéartha a bhí in Pete. Bhí tuiscint mhór aige agus gidh nach raibh de léann aige ach caighdeán bunscoile bhí sé thar a bheith cliste. Daoine a mbéadh deacrachtaí nó fadhbanna acu thigeadh siad chuigesan ag lorg comhairle no b’fhéidir le litir a scriobh daofá. Bhí meas mór ag daoiní air agus bhí seisean mar a gcéanna le daoiní. Níor fhaca sé locht nó dochar i nduine ar bith ariamh. Bhí acmhainn grinn aige – scéalta a chum sé fhéin ar ndóigh. Bá ghnathach leis amhráin a chumadh in a óige fosta ach cailleadh iad sin.
Phós sé Bríd (Sailor) Ní Bhaoill agus bhí triúr de theaghlach acu. D’obair sé ins na mianaigh guail in Albain agus in go leor oibreacha eile ar fud na Breataine agus na Breataine Bige. Sa bhliain 1948 thug sé aghaidh ar Mheiriceá – ag tóraíocht an óir bhuí! Shiól sé as Cóbh Oíche Shamhna 1948 agus shroich sé Chicago, áit a raibh deirfiúr d’á chuid fosta. Ar ndóighe bhí scaiftí de bhunadh Áranna in Chicago san am sin. Bhí mean mór ag Pete ar Mheiriceá. Fuair sé post ansin leis an Bhord Gáis agus d’éirí go maith leis. Thigeadh sé na bhaile ar cuairt go minic. Sa bhliain 1973, bhuail tinneas é i Meiriceá agus chaill sé seamhóg.
Sin nuair a chum sé na hamhráin seo. Shíl sé nach bhfeicfeadh sé a fhód dúcháin arís. Ach tháinig sé chuige fhéin ndiaidh na hobráide, rinne sé an turas na bhaile agus bhí bliain mhaith aige sa bhaile.
Níor bhlas sé deoch mheisciúil ariamh go dtí an bhliain sin. Ar ordú dochtúra d’ól sé buidéal amháin “Guinness” achan lá agus ba ghnathach leis an bhuidéal amháin sin é a chur rud beag ar meisce. Bhí spórt ar dóigh ansin ann!
Ach, farraor, go tobann i 1975 bhuail an galair arís é agus theip air an iarraidh seo. Agus é ar leaba an bháis chuir sé an cheist chéanna cúpla uair, “Caide dáta an lá inniu?”. Ar innse do, deir sé, “Ní fada uainn lá Mhuire Mhór san Fhómhar”. Tháinig lá Mhuire Mhór san Fhómhar, an 15ú lá de Lúnasa, agus sin an lá a cuireadh Pete i gcré thíos ar Ard Mháire i 1975. Bhí sé trí bliana le cois na trí scór.
Róise Uí Dhuiliún (Iníon)
Uaigh Chois ná Trá
Má théinn tú go hÉireann,
Tabhair mo bheannacht anonn.
Chuig sléibhte Thír Chonaill,
Is ag barr geal na dtonn.
Chuig muintir na n-oileán.
Tabhair grá ó mo chroí,
Ó Thoraí go hÁrainn ba dheacair a gcloí.
Bhí mise óg agus bhí mé i grá,
Lé cailín as Árainn a thug domhsa á grá,
Bhí muid le pósadh ach níor tháinig an lá,
Mar fuair sise leatrom is fuair mise crá.
Nuair a chuaigh sí na cille bhí crá ar mo chroí,
Lé héirí na gréine bhí mise mo shuí,
Chuaigh mé na huaighe ag sileadh na ndeor,
Is d’fhág mise Árainn ‘s mo chead mile stór.
Nuair a d’fhág mise Árainn bhí crá ar mo chroí,
Mo mhór chuid den tsaol seo, san uaigh thiar na luí,
Chuaigh mé i dreabhlais agus bhuail mé an t-ól,
‘S níor phill mé ar Árainn níor phill mé go fóill.
Tá crith ar mo lámha, tá pian ar mo chroí,
Is gairid anois é go raibh mé mo duí,
San uaigh leis an strainséir nach dtuigeann mo chroí,
I bhfad, bhfad as Árainn ‘s an uaigh chois na trá.
Free Song!
Uaigh Chois na Trá sung by islander Anna Bn Uí Ghallachóir (See lyrics below).
To buy a copy of Anna’s CD with seven other songs written by Pete send a cheque or postal order for €15 to:
Anna Bn Uí Ghallachóir,
Na Tuarthaí,
Árainn Mhór,
Co. Dhún na nGall,
Éire