Colaiste Arainn Mhoir

 

Guí dom ‘Ardrang, Cúrsa 1, Árainn Mhór, 2002

Daoibhse, a chairde, mo dhánsa,
Daoibhse ar thairseach an tsaoil,
Guím rath agus séan
Saol fada gan léan
Ceol meidhreach croíúil
Is ceol an ghrá in bhur gcroí.

Daoibhse, a chairde, mo dhánsa,
Daoibhse ag tús an turais,
Guím bóthar fada slán
Gan imeacht ar fán,
Comhluadar comhleacaithe
Is deoch na ndéithe.

Daoibhse, a chairde, mo dhánsa,
Daoibhse atá ag scaradh ó chéile,
Go mblasa sibh fáilte is féile,
Go n-ola sibh as tobar an tsaoil,
Go roinnfear libh go fial,
Is go bhfana sibh dílis dá chéile.


Saoirse
Farraige chiúin,
Leoithne bheag ghaoithe,
Glaoch callánach na bhfaoileán,
Bád iascaigh ag treabhadh na mara
Faoi ualach éisc,
An ghrian ag glioscarnaigh
Ar dhromchla na farraige
Is síocháin Dé ag titim go tiubh
Is mé chomh saor le scamall beag bán
Ag teitheadh ar an ghaoth


Ní Fios
(I ndílchuimhne Bhriain Uí Ruanaigh, ‘Porridge’)
Ní fios cad bhí i d’aigne
An lá úd ar an charraig mhór
Is an bháisteach throm ag titim,
An fharraige cháite ina ciarthuathal
Agus tú i do shuí ag amharc isteach sa duibheagán
Ach bhí Anna an chroí mhóir dod’ fhaire
Is rith sí síos chugat is thug isteach thú.

Ní fios cad bhí i d’aigne
An lá úd thíos ar an trá
Is an ghrian ag spalpadh síos
Agus muid ag snámh san fharraige.
Is cuimhin liom thú ag slaparnach timpeall,
Ansin mé ag rith id’ dhiaid
Ag iarraidh breith ar an ghaoth.

Ní fios cad bhí i d’aigne
An lá úd a chas muid le chéile
Ós comhair Choláiste na Tríonóide
Ach is cuimhin liom an chulaith dhubh,
An aghaidh bhán, na fáinní cluaise ‘s sróine,
Na bioráin ceangailte anseo is ansiúd –
An raibh na slabhraí dod’ cheangal le chéile ?

Ní fios cad bhí i d’aigne
An lá úd agus gruaig dhearg Mhóihícean ort.
D’aithin tú mé ach níor aithin mé thú
Go dtí gur scairt tú orm.
Ní cuimhin liom cad a dúirt muid le chéile
Ach rinne muid teangmháil súl
Agus is dócha gur gháir muid ansin faoin saol –
Ní raibh fhios agam ansin go raibh tú i mbaol.

Ní fios cad bhí i d’aigne
Nuair a chuaigh tú i muinín drugaí,
Nuair a caitheadh as an teach thú,
Ní fios dom, ní fios dúinn an brú
Ach is cuimhin liom an t-amhrán punk
A scríobh tú dom’ mhagadh
A rá nach raibh ionam ach monk.

Ní fios cad bhí i d’aigne,
Ní fios don saol –
Níorbh fhios dom go raibh tú i mbaol –
Ach sin an scéal, sin an scéal.
Ní fios cad bhí i d’aigne,
Ní fios don saol
Díreach sula ndeachaigh an solas as.

Osna Yawla
(Bunaithe ar ghrianghraf a glacadh ar Thrá Athphoirt,
tamall beag i ndiaidh na tubaiste, 1935)

Cad a d’fhéadfá a rá
In am agus i dtráth an bháis ?
Cad a d’fhéadfá a dhéanamh
Ach b’fhéidir beannú –
Beannú d’ár n-anam istigh,
Beannú don mhuir mhór mhíthrócaireach
A sciob uainn ár muintir

Cad a d’fhéadfá a rá
In am agus i dtráth an bháis ?
Cad a d’fhéadfá a dhéanamh –
B’fhéidir tada, tada, tada
Ach ligean don trá fhada
Osnaíl dúinn, osna trom
Dúinn cúigear gasúr fágtha
Tréithlag i ndiaidh bháthaidh.

Cad a d’fhéadfá a rá
In am agus i dtráth an bháis ?
Cad a d’fhéadfá a dhéanamh
Ach b’fhéidir ár gceann a chrochadh
I ndíl chuimhne ár muintir
A chuaigh i muinín na dtonnta
I bhfostó bhaclainn na farraige
I ngan fhios dhúinn oíche Fhómhair.

Cad a d’fhéadfá a rá
In am agus i dtráth an bháis ?
Cad a d’fhéadfá a dhéanamh
Ach beannú don diamhracht do-chreidte
A scrios ár gcroí is ár mbrionglóidí
I gciúnas uaigneach aonarach na mara.
Anois tá an taoide ag trá
Ach faraor ár ndubh-bhrón,
Nach dtránn, nach dtránn.

Línte Scoláire Samhraidh
I
Anois tús an chúrsa –
Áit nua, daoine nua,
Radharcanna éagsúla,
Saoire aoibhinn shultmhar,
Grá úr b’fhéidir
Ar oileán mara siar ó thuaidh,
Chomh fada siar ó thuaidh
Is a bhí mé riamh,
Fada ó chlampar agus ó challán
Na cathrach glórmhaire.

II
Anois lár an chúrsa –
Áit beagnach aitheanta,
Fallaí cloiche is bóithre caola,
Daoine a chaitheann dath ón ngréin
Le cairdeas fáilteach ina n-aghaidh,
Táim beagnach i mo bhaile féin
Áit éigin gar dom’ chroí,
Gar don fharraige dhomhain,
Gar do cheol na gaoithe,
Gar don chomhluadar is dúchas dom.

III
Anois deireadh an chúrsa,
Áit aitheanta i mo chnámha,
Fiú i bhfuil mo chuisle,
I mbuaileadh rialta mo chroí.
Mothaím mar bhád seoil
Ar aigéan mór na féidearthachta
Agus farraige Dé chomh mór sin
Agus mo bhádsa chomh beag bídeach,
Ach nuair a amharcaim thart timpeall
Glacaim misneach agus cuirim chun bóthair.

 

Macalla
Fiú sna laethanta liatha fearthainne,
Fiú sna hoícheanta fada dorcha,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg.

Fiú ag bun an tsléibhe aird,
Fiú i lár locha leadránaigh
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg.

Fiú sa chiúnas marbhánta,
Fiú sa naimhdeas nimhneach,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg.

Fiú san fhulaingt do-sheachanta,
Fiú i gceol na stoirme,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg.

Fiú sa bhás féin,
Fiú sa chairdeas i gcéin,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg.

Fiú i ndorchadas an chroí,
Fiú i dtorann an lae,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg.

Fiú anseo im’ aonar,
Fiú anseo gan duine timpeall,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg,
Tá fiúntas le fáil ach é a lorg.

Oilithreacht
Nach breá tabhairt faoi thuras nua,
Bóthar nua suas na cnoic,
Cnoic chlochacha oileánda sceirdiúla,
Turas aonarach timpeall an chósta
Is na haillte gormliatha ag titim síos
Síos, síos chun na farraige fairsinge
Agus éanlaith na spéire ar foluain sa ghaoth
Agus aon bhád seolta amháin
Amuigh ar an mhuir mhór.
Anseo is ansiúd tá locha gorma fáilteacha
Ag glioscarnaigh i solas na gréine
Agus fo-chairn mhóna ag triomiú ar na cnoic,
Beirt asal thanaí i ngort clochach
Agus glao na n-uan eaglach
Ag fáiltiú roimh chách aníos chucu.
Murach na carranna is na tarracóirí
D’fhéadfá bheith ar ais in aimsir Chríost,
Nó ní ba luaithe, ba luaithe, ba luaithe
Ag tús na siabhialtachta
Ar chósta iargúlta ár ndúchais.
Nach breá tabhairt faoi thuras nua,
Bóthar nua suas na cnoic,
Oilithreacht dhomhain phearsanta
Thar ghoirt chlochacha an chroí –
I ndoimhneacht ann gheofar
Fíorthobar na féiniúlachta.

Ciúnas Árainn Mhóir
Tá an ciúnas ag titim go héadrom anseo,
Chomh héadrom le drúcht maidine
Ag tús samhraidh bhreá –
Táim fós im’ pháiste óg
Roimh bhlás na bpóg
Le meangadh gealgháireach ar mo bheola.
Nuair a amharcaim isteach i súile m’óige
Beirim greim ar m’anam
In eangach síógach na samhlaíochta.

Tá an ciúnas ag titim go héadrom anseo,
Chomh héadrom le láimh linbh ar leiceann máthara,
Is mé sa lána cúil ag áireamh póiríní,
Á gcur go cúramach i leoraí stáin.
Níl éinne ann, níl éinne ann
Ach mé féin go lúchaireach
Ag comhaireamh málaí beaga gainimh
Is buarthaí imithe le sruth.

Tá an ciúnas ag titim go héadrom anseo,
Chomh héadrom le guth binn ainnire ag ceol
Ag am marbh na hoíche,
Roimh theacht na ndeor,
Roimh racht na stór
Is mé im’ dhéagóir soineanta
Ar imeall an domhain ollmhóir.

Tá an ciúnas ag titim go héadrom anseo,
Chomh héadrom le póg m’atharsa
Ar leaba a bháis fadó,
Chomh héadrom le póg an úrghrá,
Chomh héadrom le haoibh bheag
An linbh úrbhreithe,
Is glacaim leis mar ghrásta Dé,
Fial, flaithiúil, fairsing neamhthuilte
Ar aigéan mór na n-iontas.

Tá an ciúnas ag titim go héadrom anseo,
Chomh héadrom le gréasán damháin alla
I gcúinne rúnda an lochta.
Tá bosca mór bréagán na gcuimhní ann
Is teacht orthu furasta go leor –
Gheofar an eochair in ithir thorthúil Árainn Mhóir.

Línte Gar do Theach an tSolais

Glao leanbaí na n-uan,
Ceol croíúil na n-éan,
Siosarnach síodúil na farraige
Ag pógadh carraigeacha ag bun aille,
Monabhar mall an easa ag titim síos
I síoraíocht na ndúl,
Ar charraigeacha atá chomh seanda
Le Briathar Dé
Ag am cruthaithe na cruinne.
Anseo ar aillte Árainn Mhóir
Mothaím mar mhanach ar thóir
Eagna Dé i gciúnas a chroí.