|
Tá seiplíneach
lánainseartha ag an Choláiste ö An tAthair Dónal
de Róiste. Ní ghlacann an tAth. Dónal ranganna ar
maidin ach bíonn sé i gcónaí ar fáil
do scolairí (creideamh ar bith) atá ag iarraidh dul chun
cainte leis. Glacann an tAth. Dónal páirt sna ranganna tráthnóna
agus oíche agus bíonn sé i gcónaí thart
mar chara don duine atá i dtrioblóid nó a bhfuil
fadhbanna acu. Is comhairleoir cáilithe é a bhfuil lán
taithí aige ag deighleáil le daoine óga. Cuirtear
Aifreann ar fáil gach maidin Domhnach. Bítear ag súil
go mbeidh gach scoláire i láthair don Aifreann. Ní
mór an Coláiste a chur ar an eolas roimh ré má
tá cead ó thuismitheoirí ag scoláirí
gan freastal ar an Aifreann. Ócáid soisialta ar go leor
dóigheanna is é an tAifreann dúinn in Árainn
Mhór agus is teacht le chéile deas dúinn é
ag deireadh gach seachtaine. Faoi láthair níl aon ionad
eaglasta ar an oileán do dhaoine ó chreidimh taobh amuigh
den Eaglais Chaitliceach. Ach le treoir tuismitheoirí, déanfaidh
an Coláiste gach iarracht freastal ar riachtanais scoláirí
nach Caitlicigh iad.

Tá dochtúir
agus altra lánaimseartha ar an oileán. Tá ionad sláinte
ar an oileán fosta inar féidir le scoláirí
cabhair leighis proifisiúnta a fháil gach lá. In
am na héigeandála, má tá fíor thinneas
ar aon duine, tá bád tarrthála ag an oileán
a thógfadh duine go dtí an tír mór taobh istigh
de thrí bhomaite. Is é gnó an tuismitheora / caomhnóra
billí leighis a íoc. Ba chóir do thuismitheoirí
/ caomhnóirí aon fhadhb leighis (plúchadh, fliuchadh
leaba, etc.) atá ag scoláire a chur in iúl don choláiste
roimh ré.
|
|
The
Coláiste has a full-time chaplain, An tAthair Dónal de Róiste.
Athair Dónal does not take classes in the morning but is always
available to students of any denomination, who wish to speak with him.
Athair Dónal takes a full part in the afternoon and evening activities
and is always available to those who are in trouble are who are experiencing
problems of any sort. He is a professional counsellor who has extensive
experience in dealing with young people. Mass is celebrated every Sunday
morning and it is expected that all students will attend. Parents should
inform the Coláiste beforehand if the student has permission to
absent himself/herself from Mass. In many ways the Mass is a social event
in Árainn Mhór where we can come together in a pleasant
atmosphere at the end of the long week. At present there are no facilities
on the island for people of faiths other than Roman Catholic. However,
with parental advice, the Coláiste will endeavour to accommodate
the needs of any student.

The island is serviced by a full time doctor and nurse. There is a health
centre on the island where students can receive professional medical attention
every day. In the case of serious emergencies the island is served with
a lifeboat, which can take a patient to the mainland in less than three
minutes. Medical bills are the responsibility of parents/guardians. Parents/guardians
should advise the Coláiste authorities of any medical conditions
(Asthma, Bed-wetting etc.) which students may suffer from.
|