| Is cuid
lárnach de chúrsa Gaeltachta ar bith iad na mná tithe.
Tá tithe den chéad scoth againn in Árainn Mhór.
Is í an Ghaeilge teanga labhartha na dtithe seo agus tugann sé
seans do na scoláirí an Ghaeilge atá foghlamtha acu
sna ranganna a chleachtadh le bean an tí agus le muintir an tí.
Déanann cigirí ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta,
Gaeltachta agus Oileán scrúdú rialta ar na tithe seo
le déanamh cinnte go bhfuil riachtanais uilig an scoláire
ann. Leanann Bean an Tí biachlár atá socraithe idir
í féin agus Udarás an Choláiste. Ba cheart do
dhaoine le riachtanais speisialta é sin a chur in iúl don
Choláiste roimh ré. Bíonn a leaba féin ag gach
scoláire agus is gnách go mbíonn thart ar 4 in aon
seomra amháin. Fánann cinnirí i gcuid mhór de
na tithe. Seo daoine óga (c.19-23) a bhfuil caighdeán maith
Gaeilge bainte amach acu. Is daoine iad seo atá roghnaithe de bharr
an chumais atá iontu scoláirí a spreagadh chun Gaeilge
a labhairt. Tá siad ann fosta chun cuidiú le daoine óga
socrú isteach nó iad siúd a bhfuil fadhbanna acu. Tá
an chuid is mó de na tithe i ngiorracht siúil ó ionaid
an Choláiste. Cuirtear bus/ tacsaí ar fáil in uair
na drochaimsire do na tithe atá níos faide ar shiúl
ó ionaid an Choláiste. |
|
A central part to any visit to the Gaeltacht is the Bean an Tí.
We have houses of the highest standard in Árainn Mhór. Irish
is the spoken language of these houses and this affords the student ample
opportunity to practice the Irish he/she may have learnt during the morning
classes. Inspectors from the department of Arts, Heritage, Gaeltacht and
the Islands examine these houses on a regular basis to ensure that high
standards are being met. The Bean an Tí follows a menu, which has
previously been agreed with the College authorities. Any special requirements
should be made known to the college beforehand. Each student will have
his / her own bed and it is usual for about 4 students to share a room.
Cinnirí stay in most of the houses with the students.
These are young adults (c. 19-23) of a high moral character who have achieved
a high degree of fluency in the language. These young men and women are
chosen for their ability to encourage and motivate students and to assist
those students who have difficulty in settling in or who have other problems.
Most houses are within easy walking distance of the College centres. Buses/Taxis
are provided in bad weather to take student home to houses which are further
away.
|