|
Leanann
an bád bealach cúng idir cúpla oileán
beag ar a thuras isteach go hÁrainn Mhór.
Tugtar ‘An Poll Dubh’ ar an fhoscailt bheag
seo idir Inis Mhic an Duirn agus Inis Cú/Eadarinis
mar go bhfuil an uisce domhain agus bíonn sé
ag bogadh go gasta ann. Tugann na hoileáin bheaga
seo foscadh maith don bhád agus cuireann sé
ar a chumas dul chun na farraige am ar bith, ach amháin
nuair atá doineann mhór ann.
Ina dhiaidh sin trasnaíonn an bád míle
farraige atá foscailte go hiomlán don Atlantach
agus don ghaoth aduaidh sula dtagann sé i dtír
ar an Leadhb Gharbh in Árainn Mhór.
|
An
Poll Dubh agus Inis Cú sa chúlra.
|