| Clár
Ama
Teagmháil
áitiúil
An
Bád Farrantóireachta
An
Turas |
Ag
Teacht Anseo
Tá
Árainn Mhór suite sa Ghaeltacht, tuairim is trí
mhíle amach ó chósta Dhún na nGall.
Tá bád rialta farrantóireachta ann a fhágann
baile iascaireachta Ailt an Chorráin gach lá i rith
na bliana ar fad. Is féidir carranna agus feithiclí
eile a thabhairt ar bord. As siocair go bhfuil Aerfort Idirnáisiúnta
na Carraige Finne iontach congárach (15 bomaite ar shiúl)
agus mar go bhfuil seirbhísí bus rialta ann ó
Bhaile Átha Cliath, Gallimh agus Béal Feirste, is
áit iontach foirsteanach í fá choinne saoirí
deireadh seachtaine nó turais lae.
|