| Tabhair
cuairt ar Árainn Mhór

Cén fáth nach dtugann tú cuairt ar
Árainn Mhór chun sult a bhaint as an atmaisféar
cairdiúil. Fagann an bád farrantóireachta
Ailt an Chorráin achan lá den bhliain rud
a dhéanann turais lae iontach furasta a eagrú.
Don duine atá ag iarraidh é féin a
mhilleadh ar feadh tamaill ba chóir dó cuairt
níos faide a phleanáil. Is féidir lán
do shúile a bhaint den tírdhreach fhiáin,
an cultúr Gaelach, na bóithre beaga tuaithe,
an fiadhúlra fairsing, tinte móna agus tabhairní
bríomhara. Cén fáth nach dtugann tú
cuairt ar an roinn saoirí sainspéise atá
againn ar an suíomh seo? Tá saoirí
teanga agus cultúrtha ann dóibh siúd
ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga
nó blas a fháil ar chultúr saibhir
na háite. Tá réimse loistín
éagsúil ar fáil ar an oileán
agus tá rud ar fáil a d’fóirfeadh
do achan phóca. Thig leat a bheith cinnte fosta go
bhfaighidh tú Fáilte Uí Cheallaigh
agus tú ag fanacht ann. Chun treoracha a fháil
chun an oileáin déan seic ar ‘Aimsigh
do Bhealach’ - tá sé níos fusa
an áit a bhaint amach ná mar a shílfeá.
Ná déan moill – déan do chuid
pleananna inniu.
|