Árainn Mhór
 
   
Nuacht
Cuairt
Sult
CultĪr
Muintir
Gailearai
Siopa
Curve

Baile > Cultúr > Foghlaim > Téarmaí & Coinníollacha

www.foghlaim.com

Téarmaí agus Coinníollacha, Cúrsaí Gaeilge

  • Tá na táillí cúrsaí iníoctha roimh ré mar earlais do gach cúrsa.
  • Tá dualgas ar na rannpháirtithe socraithe loistín cuí a dhéanamh. Tá liosta loistín don oileán ar fáil ag http://www.arainnmhor.com/visit/accomodation
  • Nuair a fhaightear íocaíocht fá choinne cúrsa seolfar amach admháil agus sonraí faoin chúrsa tríd an phost agus tríd an ríomhphost. Déan cinnte de go bhfuil na sonraí uilig ar an admháil seo ceart agus go gcuirfí aon earráidí faoi bhráid Taisce Árainn Teoranta láithreach. Tá na taillí in-aisíoctha suas go ceithre (4) sheachtain roimh thús an chúrsa lúide €50, táille riaracháin. Caithfidh aon chealú a chur i scríbhinn nó tríd an ríomhphost chuig taisce@arainnmhor.com
  • Beidh aráchas dliteanas poiblí iomlán ar fáil do rannpháirtithe. Is fiú do gach rannpháirtí a c(h)uid aráchas príobháideach féin a shocrú chun taisteal, costaisí leighis etc. a chlúdach.
  • Coinníonn Taisce Árainn Teoranta chuige an ceart, leagan amach aon chúrsa a athrú nó fiú an cúrsa a chur ar ceal más gá. Sa chás eisceachtúil go dtarlaíonn seo, tabharfar fógra cuí do na rannphairtithe agus tabharfar rogha cúrsa eile dóibh, nó tabharfar aisíocaíocht iomlán dóibh.
  • Ní bheidh Taisce Árainn Teoranta, ar dhóigh ar bith, freagrach as gortú, caill nó damáiste do rannpháirtithe agus iad le solathraithe seirbhíse tríú phairtí, mar shampla loistín, comhlachtaí taistil etc, nó de bharr gníomhaíochtaí Dé, drochaimsir, cogadh etc.

Téarmaí agus Coinníollacha Tairgí Eile

  • Tugann Taisce Árainn barrántas 30 lá “gan gearán” ar aon earra a cheannaítear ar an suíomh seo. Má tá tú ar aon dóigh míshásta le do cheannacht, is féidir é a chur ar ais chuig Taisce Árainn sa dóigh agus caighdeán inar díoladh é taobh istigh de 30 lá. Is ar an cheannaí a thitfidh an costas iompair ar na hearraí a chur ar ais chuig Taisce Árainn. Más ag malartú earra, íocfaidh Taisce Árainn as na costais seachadta.
  • Sula gcuirtear aon earra ar ais chugainn, cuir ar an eolas muid ag taisce@arainnmhor.com gurb é sin a bhfuil i gceist agat a dhéanamh, agus cén fáth a bhfuil sé i gceist agat é a chur ar ais, ansin cuirfidh muid treoracha chugat faoin dóigh is fearr chun é a sheoladh ar ais.
  • Ní chuirfidh an polasaí aiseolta seo isteach ar do chuid cearta seasta.
  • Is é dlí na hÉireann a rialaíonn na téarmaí agus coinníollacha seo agus cuirfear aon ghearán nach dtig a shocrú taobh amuigh den dlí sin, faoi bhráid chúirteanna na hÉireann.