|

Cúrsaí sa
Ghaeilge ar Oileáin Árainn Mhóir
Is áit bhrionglóideach í Árainn Mhór.
Ciúin ach gnóthach - tá mílte de chósta
agus portach inar féidir leat éalú ann, ach
ag an am chéanna tá sé cairdiúil agus
lán beochta. Tá luas an tsaoil níos moille
anseo agus tabharfaidh tú faoi deara nach gá duit
amharc ar do uaireadóir go dtí go mbeidh tú
ag iarraidh bád a fháil chun tú a thabhairt
Ôna bhaile. Tá neart tránna gaineamhach ann inar féidir
dul ag snámh go sabháilte agus gheobhaidh tú
siamsaíocht den chéad scoth sna seacht bpub traidisiúnta
ar an oileán. Tá an t-oileán ar maos sna seantraidisiúin
a saolaíodh ó shaol an oileáin agus ón
shíorchoimhlint leis an fharraige. Ag an am chéanna
tchífidh tú gur áit iontach nua-aimseartha
í Árainn Mhór, chomh compordach leis an ríomhaire
is ata sí leis an seanchaí! Tabharfaidh tú
cuairt uirthi uair amháin agus fágfaidh tú
do chroí i do dhiaidh!
riomhphost
foghlaim@arainnmhor.com
|