Árainn Mhór
 
   
News
Visit
Enjoy
Culture
People
Photos
Shop
Curve

Baile > Cultúr > Foghlaim > Cúrsaí sa Ghaeilge

Ordú

Téarmí & Coinníollacha

foghlaim.com

Cúrsaí sa Ghaeilge


Cúrsaí sa Ghaeilge Is é cuspóir na gcúrsaí seo ná feabhas a chur ar ábaltacht labhartha na rannpháirtithe. Baintear úsáid as an Chur Chuige Cumarsáide inár gcuid ranganna ar fad a chuireann béim ar an teanga labhartha in áit an teanga scríofa.

Costas - €165

Dataí: 15 - 20 Lúnasa 2005

Eagraítear cúrsaí ar achan leibheál cumais.

  • Leibheál 1 – Tá an cúrsa seo dírithe ar ghlanthosaitheoirí nach raibh aon teagmháil acu riamh leis an teanga. Déantar iarracht forbairt a dhéanamh ar bhunscileanna teanga mar shampla beannachtaí, an t-am, an aimsir agus mar sin. Ag deireadh an chúrsa aithneoidh na rannphairtithe comharthaí simplí agus beidh foclóir bunúsach
  • Leibheál 2 – Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a tháinig i dteagmháil leis an teanga cheana, ar scoil b’fhéidir nó fríd bunchúrsa a bheith déanta cheana. Déantar iarracht bunfhoclóir agus frásaí simplí a bhuanú. Cuirfear scoláirí ar an eolas faoi bhunstruchtúir na mbriathra agus na habairte ag an leibheál seo.
  • Leibheál 3 – Tá an ceursa seo dírithe orthu siúd a bhfuil tuigbheáil bunúsach acu ar bhunstruchtúir an teanga. Cuirfear le foclóir an scoláire. Úsáidtear ról-ghníomhaíocht agus cleasa eile teanga chun an scoláire a chur ar a shuaimhneas ag labhairt i nGaeilge i siopa, oifig poist nó teach leanna, nó ag tabhairt treoracha nó ag ócáidí sóisialta eile. Beidh máistreacht ag scoláirí ar bhriathra simplí sna haimsirí caite, láithreach agus fáistineach, ag deireadh an chúrsa seo.
  • Leibheál 4 – Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil máistreacht réasúnta acu ar an Ghaeilge ach a bhfuil rud beag neirbhíseach faoi í a labhairt go poiblí. Is i dtreo na muiníne atá an cúrsa seo dírithe. Forbraítear bunfhoclóir an scoláire agus déantar iarracht iad a ullmhú fá choinne díospóireachta. Beidh scoláirí ábalta tuairimí a nochtadh agus a chosaint ag deireadh an chúrsa seo in áit a bheith ag feagairt ceisteanna. Beidh místreacht réasúnta ag scoláirí a chríochnaíonn an ceursa seo ar bhunstruchtúir gramadaí an teanga, beidh foclóir measartha fairsing acu agus níos mó muiníne ná riamh acu as a bheith ag labhairt sa teanga.
  • Leibheál 5 – Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd atá measartha líofa sa teanga agus a bhfuil foclóir fairsing acu ach a mheasann go bhfuil obair de dhíth ar a gcuid gramadaí agus cainte. Ag an leibheál seo baintear úsáid as cúrsaí reatha, faisin, polaitíocht cúrsaí sóisialta etc. chun cur le cumas na scoláirí comhrá a reachtáil le cainteoirí eile ar réimse leathan ábhar. Tugtar spreagadh agus cuidiú do scoláirí ag an leibheál seo a gcud cainte a shaibhriú le nathanna cainte agus mionchaint. Cuirtear béim ar leith ag an leibheál seo ar cheartúsáid na bhfoirmeacha gramadaí agus ar fhuaimiú.
  • Leibheál 6 – Cuirtear an cúrsa seo ar fáil dóibh siúd amháin a bhfuil máistreacht mhaith bainte amach acu sa teanga. Déantar iarracht an teanga sin a sheilbhiú agus a shaibhriú trí staideár a dhéanamh ar bhéaloideas, nósanna, scéalta agus amhráin na háite. Déantar plé ar ghnéithe éagsúla de stair na teanga, a canúintí, a filíocht agus a litríocht. Déantar iarracht an Ghaeilge a chur i gcomhthéacs an lae inniu chun cuidiú leis an scoláire forbairt a dhéanamh ar an tuigbheáil atá aige ar stadas na Gaeilge sa tír agus sa domhan inniu. Déantar iarracht fosta blas an dúchais a thabhairt ar theanga an scoláire freid í a chur i dteagmháil le nósanna agus caint na Gaeltachta.