|
Ordú
Téarmaí
& Coinníollacha
|

Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta Sa Ghaeilge
Reachtálfar an cúrsa seo thar thréimhse 5
lá agus san iomlán beidh 25 uair teagaisc i gceist.
Is cúrsa ullmhúcháin don Scrúdú
le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge atá i
gceist. Cuirfear nótaí agus ceisteanna samplacha
ar fáil. Reachtálfar na ranganna trí mheán
na Gaeilge chomh fada agus is féidir.
Dátaí:
8
- 12 Lúnasa
2005
Costas:
€175
Ordú
ar an idirlíon
Leagan
amach an lae:
10-1 in:
ranganna
Briseadh
loin
2.30-4.30:
ranganna
c 8.00 in:
Siamsaíocht Oíche agus léachtanna
Topaicí
a bheas clúdaithe sa chúrsa:
- Gramadach.
Codanna an bhriathair agus ceartúsáid an bhriathair
sna haimsirí agus sna modhanna uilig, réamhfhocail,
ainmfhocail agus a gcuid díochlaontaí, aidiachtaí
agus an gaol atá acu leis an ainmfhocal, an chopaill,
na dobhriathair agus an t-alt.
- Obair
Béil.
Díreoidh na ranganna ar fhorbairt fhoclóra cuí
go háirithe foclóir a bheadh úsaideach
don mhúinteoir sa rang. Beidh seans ag gach duine bréagscrúdú
a dhéanamh. Beidh píosa le léamh mar chuid
de seo. De réir mar atá sé de dhíth
caithfear am ar fhoghraíocht agus comhréir.
- Prós/Filíocht.
Caithfear cúpla rang ar na píosaí próis
agus filíochta atá ar an chúrsa. Cuirfear
nótaí ar fáil. Cluasthuiscint Đ beidh ranganna
dírithe ar scileanna cluastuisceana sa trí chanúint
mhór.
- Cultúr.
Cuirfear
eolas ar fáil faoi logainmneacha, féilte, seanfhocail
agus béaloideas agus tabharfar moltaí ar na dóigheanna
inar féidir na rudaí seo a úsáid
sa seomra ranga.
- Scileanna
Scríbhneoireachta.
Cuirfear roinnt ranganna ar fáil a dhíreoidh ar
scileanna scríbhneoireachta. Beidh na ranganna seo ag
luí le chéile go mór leis na ranganna gramadaí.
Cuirfear comhairle ar fáil maidir le struchtúr,
comhréir agus ceartúsáid na seanfhocal,
nathanna agus leaganacha cainte.
- Léamhthuiscint.
Cuirfear ceisteanna samplacha ar fáil agus tabharfar
cuidiú le ceart-thuiscint agus freagairt na gceisteanna.
Tá
sé soiléir ón méid thuas gur dianchúrsa
amach is amach atá i gceist anseo atá dírithe
ina iomlán orthu siúd atá ag iarraidh tabhairt
faoin scrúdú. Glacfar leis go mbeidh buntuiscint
ar an teanga agus ar ábhar an chúrsa ag gach duine
a thugann faoin chúrsa. Ní cúrsa é
seo fá choinne glantosaitheoirí. Tabharfar agus
ceartófar obair bhaile ar bhonn rialta.
riomhpost
muinteoiri@arainnmhor.com
|