|
| Stair
Árainn Mhór
Ailt i mBliainiris
Thír Chonaill ar Stair Árainn Mhóir
Arranmore
Island in the Great Famine, 1846-8
Beaver
Island - The American Arranmore
Economic
& Social Conditions on Arranmore in the Nineteenth &
Twentieth Centuries |
Bhí cónaí
ar Árainn Mhór ón réamhstair agus
tá an chosúlacht ann go raibh sé ar cheann
de na chéad suíomhanna daonra ar chósta
Dhún na nGall. Tá iarsmaí seandálaíochta
ar an oileán mar atá Fulacht Fia (seanáis
chócaireachta) ar Thrá Athphoirt (OS 46:6:1
(244 413) agus dún cósta ar aill chrochta in
Uillinn (OS 48:6:2: (366 413)). Tá an dún seo
a bhfuil cruth triantánach air (15m x 17m) cosanta
ag claí 0.8m in airde. Tá aois na ndúnta
cosanta seo curtha síos ag an iarannaois luath (c.800
R.C.) agus tugann siad leid dúinn faoin luathchónaí
a bhí ar an oileán. |
|

Stair
Árainn
(225 Kb)
|
Tugtar
cur síos ar Árainn Mhór san fhoclóir
thopagrafach d'Éirinn, a foilsíodh sa bhliain
1837, mar seo: "an island in the Parish of Templecroan,
barony of Boylagh, county of Donegal, and province of Ulster,
3 miles (W.N.W.)from Rutland; containing in 1834, 1141 inhabitants.
This is the largest of a group of islands called the Rosses,
lying off the north-west coast, about two miles from the
shore, in lat. 54 degrees 51' 45" (N.) and lon. 8 degrees
31' 45" (W.): it is 3 miles in length and 3 in breadth.,
comprising, according to the ordnance survey 4355 statute
acres of which about 650 only are under cultivation and
in pasture, and the remainder is rugged mountain. In 1784
a large herring fishery was carried out successfully on
this part of the coast, in which 400 sailing vessels and
about 1000 were employed; but within the last 30 or 40 years
it has been entirely discontinued. On the North point of
the island, which is a large rock of granite, was formerly
a lighthouse, fitted up with an improved apparatus in 1817
by the corporation for the improvements of the port of Dublin,
which has since been removed to Tory Island; the house remains,
but is not lighted. There is good anchorage on the east
side of the island in an open roadstead. In the R.C. divisions
this place forms part off the parish of Templenane or Templecroder,
in which is the chapel, where divine service is performed
every third Sunday." |
|
Níos
déanaí bhí alt darbh ainm "Economic
& Social Conditions on Arranmore in the Nineteenth &
Twentieth Centuries" in eagrán 1962 de Bhliainiris
Thír Chonaill (foilsiúchán de chuid
Cumann
Staire Thír Chonaill). Tugann an t-alt seo cur
síos maith ar an chineál saoil a bhí
in Árainn Mhór san aimsir fadó. Tá
an caighdeán maireachtála i ndiaidh feabhsú
go mór ach bheadh cuimhe go fóill ag cuid
mhór daoine ar an chrután ar a dhéantar
trácht san alt. Tá an imirce fós ann
mar chréacht Iarthar na hÉireann. Caithfidh
cuid mhór daoine óga an tír a fhágáil
chun dul ar thóir fostaíochta. Cé go
bhfuil feabhas mór i ndiaidh theacht ar chúrsaí
eacnamaíochta na tíre, níl an oiread
sin athruithe le sonrú i gcúrsaí imirce
na n-oileánach. Tá titim mhór i ndiaidh
theacht ar dhaonra na haite agus tá an chuma ar chursaí
go rachaidh rudaí in olcais muna ndéantar
iarracht fostaíocht a chruthú go háitiúil.
Tugann an iascaireacht sliogáin, a tháinig
'un oileáin, ar na mallaibh dóchas beag ach
tá níos mó le déanamh. Déanann
Beaver
Island - The American Arranmore
cur síos ar mhuintir an an oileáin
a chuir futhu ar Oileán na mBeabhár, Loch
Michigan sna Stáit Aontaithe, áit a bhfuil
cónaí ar a sliocht go fóill.
|
John
Stoup Charley
Tiarna
talún ar Árainn Mhór (14 Kb)
|
|
Tuilleadh
le Léamh
Arranmore
Links, 1986 by Barney Gallagher & Aidan Gallagher
Death in Templecrone, 1995 by
Patrick Campbell
Donegal History & Society,
1995 by William Nolan, Liam Ronayne, Mairead Dunlevy, ISBN:
0906602459
Donegal Annual. Journal of the
Co.
Donegal Historical Society.
Donegal Shipwrecks, 1998 by Ian Wilson. ISBN 0 948154 56
X
Roise Rua, by Patrick O'Cnáimhsí
Shipwrecks of the Irish Coast - 1105-1993, 1994 by Edward
J. Bourke. ISBN 0 9523027 0 5
The Rosses Annual, 1997/'98.
Burtonport, Co. Donegal, Tel. 00-353-7495-42143
The Arranmore Disaster, 1993
by Jimmy O'Donnell
A Topographical Dictionary of Ireland,
1837 by Samuel Lewis |
|
|