| Réamhrá
Cailleadh
thart fá 12,000 bád ar chósta na hÉireann
ón am ar tosaíodh ar stair a thaifeadadh.
Cailleadh cuid mhór de na bádaí seo
ar chósta Dhún na nGall agus cuid mhór
acu sin i dtimpeallacht Árainn Mhór. Déantar
iarracht sa leathanach seo tuairisc a thabhairt ar cuid
de na bádaí a cailleadh agus orthu siúd
a d’fhreastal orthu.
|
Bealaí
Loingis
Ba iad na príomhbhealaí
loingis roimh an Chogadh Mhór ná idir Glas
Chú, Learpholl agus Doire go dtí Na Stáit
Aontaithe agus Ceanada. Go deimhin chuaigh mórán
de shliocht Árainn Mhór thar bhráid
an oileáin don uair dheireanach agus iad ar a mbealach
go dtí saol úr thar lear. I rith an chogaidh
bhí borradh ar an trácht a bhí ag úsáid
na mbealaí loingis trasatlantacha idir an Bhreatain
agus Meiricea mar gheall ar an chlúdach aeir a chuir
eitleáin a bhí lonnaithe i dTuaisceart Éireann
ar fáil. Chuir seo ar chumas bádaí
fanacht ar shiúl ó eitleáin naimhdeacha
a bhí lonnaithe sa Fhrainc. Mar gheall ar seo uilig
rinne cuid mhór de na cabhlaigh U-bhád iad
fín a lonnú amach ó chósta Dhún
na nGall chun cur isteach ar loingeas na gcomhghualaithe.
Rinneadh cuid mhór damáiste ag tús
an chogaidh.
|
|
Bádaí
Adhmaid agus Fir Chrua
Bhí
cuid bádái iascaireachta Árainn Mhór
beag. Bhí an chuid ba mhó de na bádaí
ina ngeoltaí seoil / iomráimh 24 troigh, a
bhí iontach maith ar an fharraige ach a bhí
foscailte don aimsir agus gan soilsí, radar nó
áiseanna nua-aimseartha loingseoireachta. Ba é
an eachtra ba thubaistí a tharla riamh ná
an báitheadh a tharla ar an 9 Samhain 1935 nuair
a chuaigh bád a bhí ag tógáil
oibrithe séasúir le carraigeacha. Cailleadh
19. Tugtar ‘Tubaiste Árainn Mhór’
ar seo anois. Tharla cuid mhór tubaistí eile
thart timpeall Árainn Mhór nuair a chaill
oileánaigh saol s’acu agus iad ag iarraidh
a mbeatha a thabhairt i dtír ón iascaireacht. |
Iarsmai
Bhí an smionagar a tháinig i dtír ó
na bádaí briste ina bhuntaiste mór
do mhuintir an oileán. Rinneadh cuardaigh rialta
ar chósta an oileáin fá choinne lastaí
a bhí i ndiaidh theacht i dtír. Úsáideadh
adhmad chun díonta a chur ar thithe agus corruair
thiocfadh bád tarrthála i dtír. Go
minic chóirítí na bádaí
seo agus úsáidtí areis iad mar bhádaí
iascaireachta. Fuarthas lastaí eile nach raibh chomh
coitianta sin ó am go céile. Mar shampla,
Tarbh Jersey, cadas, min bhuí agus cruithneacht.
|
| Comhad
Tá
obair ar siúl san am i láthair chun comhad
a chur le chéile ina mbeidh eolas faoi na tubaistí
uilig a tharla thart ar an oileán. Má tá
aon sonraí agatsa seol chuig shipwrecks@arainnmhor.com
iad. Beidh an comhad ar fáil amach anseo ar an idirlíon.
|
Caillteanais
Cogaidh
Tá
liosta fada ann de na bádaí a cailleadh
ar Árainn Mhór i rith an chogaidh. Chuaigh
bádaí ar nós an Manchester Brigade
(6042 tonna) agus an Dunvegan Castle (15,000 tonna) go
tóin poill i ndiaidh dóibh a bheith buailte
ag diúracháin amach ó chósta
thiar Árainn Mhór sa bhliain 1940. Tháinig
cuid mhór de na coirp i dtír ar an oileán.
Cuireadh sa reilig áitiúil iad agus is ann
atá siad go fóill.

HMS
Curacoa – caillte amach ó chósta Dhún
na nGall i ndiaidh dó buaileadh in éadan
an Queen Mary sa bhliain 1942.
|