Árainn Mhór
 
   
Nuacht
Cuairt
Sult
CultĪr
Muintir
Gailearai
Siopa
Curve

Baile > Muintir > Club Peile > Stáir an Club

Stáir an Club

Bunaíodh Ceiltigh Árainn Mhór i Lúnasa na bliana 1987. Ba iad Aodh Mac Ruadhraí, Pádraig Mac Lanachaigh, Antoin Ó Baoill (Sailor), Gearóid Ó Luaithirí, Conal Ó Caomhánaigh, agus Antoin Ó Gallchóir (RIP) a chur tús leis an chlub. Faoi stiúir Aoidh d’éirigh leis an fhoireann áit a bhaint amach mar cheann de na foirne ab’fhearr i nDún na nGall. Chuir óige agus cíocras na n-imreoirí óga, léithidí Séamas Ó Baoill, Seán agus Mícheál Ó Caomhánaigh agus Peadar Ó Diolúin leis an chríonnacht agus taithí a bhí ag daoine cosúil le Pádraig, Antoin, Gearóid, Dónal Ó Cnáimhsí agus Brian Proctor. Níor chuir duine ar bith lagmhisneach ar na Ceiltigh !


Sa chéad bhliain dóibh ag imirt sheol siad gan stró chuig barr Roinn 2 ag baint an chéad áit amach sa sráith. Ar Dhomhnach na Cásca 1988 bhuail siad Convoy chun an gradam a bhaint agus dhá chluiche fagtha acu le himirt. Ar an drochuair chaill siad amach i gcomórtas an ‘4 mór’ do Ard a’ Rátha. Níor chuidigh sé go raibh orthu an cluiche a imirt 16 uair i ndiaidh dóibh foireann láidir na gCeall Beag a imirt sna Cealla Beaga. An bhliain ina dhiaidh sin thoisigh Árainn Mhór ar an aistear arís agus bhain siad gradam Roinn 1 nuair a bhuail siad ‘An Trá Bhán’ i ndiaidh coimhlint fhíochmhar. Ba chomhartha é don bhród a ghin an fhoireann seo i muintir na háite ná gur ghnách le 3 bhus lán lucht tacaíochta taisteal chuig achan chluiche a himríodh ar shiúl ón bhaile agus ba ghnách le níos mó ná 400 duine a bheith ag achan chluiche sa bhaile.


Nuair a theip ar an iascaireacht agus nuair a tosaíodh ar thógra an ‘Channel Tunnel’ thoisigh an fhoireann ag titim as a chéile rud beag. Buaileadh go trom é mar fhoireann nuair a d’fhag léithidí Brian Proctor, Antoin Ó Baoill, Eoghan agus Seán Ó Caomhánaigh, Ciarán Mac Suibhne, Gearóid Ó Luaithirí agus Dónal Ó Cnáimhsí. B’éigean don bhainisteoir, Aodh Mac Ruairí, imreoirí a tharraingt isteach ón tír mór chun cur leis an fhoireann sa bhaile. Níor chuir seo bac ar bith ar chathréim na foirne, áfach, agus bhain siad corn Chumann Sacair na hÉireann (FAI) i ndiaidh dóibh Ard a’ Rátha a bhuaileadh ar chiceanna píonóis sa chluiche ceannais. D’fhag seo an club san iomaíocht do na cluichí náisiúnta sa chomórtas. In Eanáir na bliana 1990 chonacthas an scaifte ba mhó a chruinnigh riamh i bPáirc an Rannaigh ar an oileán chun an fhoireann a fheiceáil ag dul amach as an chomórtas ar chiceanna pionóis do Donaghmede Celtic as Baile Átha Cliath. D’éirigh le Donaghmede féin dul chomh fada leis na cluichí ceannais. Sa bhliain chéanna d’éirigh leis an fhoireann an dara áit a bhaint amach sa PhríomhRoinn.


Ba iad sin ba blianta cathréimeacha ach i gcónaí i gcónaí b’éigean do na daoine óga imeacht ag cuartú oibre agus d’fhulaing an club dá bharr. Bhí sé i ndiaidh sleamhnú siar go dtí Roinn 2 fá dheireadh na nochaidí. Cé go raibh neart imreoirí maithe ar nós Edbhard Mac Gabhann, Peadar Mac Ruairí, Nollaig Ó Luaithirí agus Seán Ó hEadhra ag teacht chun cinn bhí an club i dtólamh ag streachailt le caillteanas na ndaoine óga. I mbliana tá an club i ndiaidh a chosa a aimsiú arís le himreoirí cosúil le Caoimhín Ó Gallchóir, Laurence Ó Gallchóir agus Edbhard Ó Gallchóir chomh maith leis na daoine óga Proinsias Mac Amhlaidh agus Pádraig Mac Ruairí agus tá tuar dóchais ann. Is í an fhadhb is mó atá ag an chlub san am i láthair ná maoiniú. Mar sin iarrann an club ar achan fhear agus bean de chuid an oileáin atá sa bhaile nó i gcéin cuidiú a thabhairt chun an club a choinneáilt ar a bhonnaí. Thig leatsa cuidiú trí airgead a chur chuig :


An Rúnaí nó An Cisteoir
Club Sacair Árainn Mhór
Árainn Mhór
Dún na nGall
Éire.