Árainn Mhór
 
   
Nuacht
Cuairt
Sult
CultĪr
Muintir
Gailearai
Siopa
Curve

Baile > Muintir > Ginealeolaiocht
Teaghlaigh Árainn Mhór

Bogearraí Ginealeolaíocht

Ag cur tús leis an obair

Iarratas Eolais

Taighde Ginealeolaíochta

Cuir isteach do chuid sonraí

Ginealeolaíocht Árainn Mhór

Bhí n imirce mar ghné de shaol Árainn Mhór le blianta, agus mar gheall ar sin tá ‘oileánaigh’ ina gcónaí anois ar fud na cruinne – níos mó, is dócha, ná mar atá ina gcónaei ar an oileán féin. Tá cuid acu síolraithe ó dhaoine a d’fhag an t-oileán na blianta fada ó shin agus nach raibh riamh ar an oileán agus tá daoine eile ann thar lear a bhfuil cuimhní acu ar a bheith ag dul ‘na scoile i Leadhb Gharbh, Athphort nó in Inis Caorach. Os rud é go bhfaigheann an suíomh seo cuid mhór iarrtais fá choinne eolais ghinealeolaíochta tá an leathanach seo curtha ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh tús a chur lena dtaighde teaghlaigh.


Tá cuid mhór eolais curtha le chéile ar an ríomhaire againn agus bheimis iontach sásta é a roinnt leis na teaghlaigh atá i gceist. Os rud é go bhfuil cuid den eolas leochailleach go maith agus nár mhaith le daoine é a bheith ar fáil go fairsing Ní bheidh mé ag foilsiú aon eolas ar an idirlíon. Déanfar plé le hachan iarrtas ar bhonn aonair. Tá muid ag cur foirm ar fáil anseo d’aon duine a síleann go bhfuil fréamhacha de chuid Árainn Mhór acu. Bheimis iontach buíoch ansin dá gcuirfeadh na daoine sin aon eolas a fhaigheann siad ar ais chugainn sa dóigh is go dtig linn é a chur leis an eolas atá againn cheana féin agus chun é a chur ar fáil do dhaoine eile a bhfuil achainní acu – sin ráite níl aon iachall ar aon duine é sin a dhéanamh, fágfaidh muid faoin duine féin é.


Tá an bunchomhad (ar a bhfuil c. 7500 duine luaite cheana féin) faoi smacht mhaith agus ní chuirfear ar fáil é do aon duine nó eagras eile. Ní ghearrfar aon chostas ar eolas a sheoltar amach chuig daoine ar an idirlíon. Is seirbhís ‘neamhbhrabach’ é seo agus tionscnamh atá muid ag reachtáil ar mhaithe le muintir an oileáin féin. Is leithscéal maith é fosta chun cuairt a thabhairt ar Árainn Mhór.