Árainn Mhór
 
   
Nuacht
Cuairt
Sult
CultĪr
Muintir
Gailearai
Siopa
Curve

Baile > Muintir > Ginealeolaiocht > Ag cur tús leis an obair

Ag cur tús leis an obair

Is é an áit gur chóir do achan duine, atá ag iarraidh eolas a aimsiú ar ghinealeolaíocht Árainn Mhór, dul ar dtús ná leabhar Bharny Beag Ó Gallchóir. Scríobhadh an leabhar i nGaeilge i gcéaduair agus foilsíodh mar leabhar Béarla é sa bhliain 1986. Thugann sé cur síos ar na teaghlaigh ar fad in Árainn Mhór. Tá roinnt botúin ann (rinneadh an obair ar fad gan ríomhaire) ach fós féin is é an t-aon saothar foilsíthe atá ann a bhaineann le ginealeolaíocht Árainn Mhór. Is féidir é a ordú tríd an suíomh idirlín seo.


Tá clár ríomhaire iontach tábhachtach fá choinne taifead a choinneáil ar na línte éagsúla i do chrann clainne. I ndiaidh tamaill bíonn cuid mhór uncail, aintíní, colceathracha agus colseisearacha etc, uaireanta leis an ainm céanna, agus is féidir leis a bheith deacair smacht mhaith a choinneáil ar an saothar. Tá cuid clár shareware (bain triail as sula gceannaíonn tú) agus freeware (saor in aisce) luaite anseo chun go mbeidh tú ábalta tús a chur leis an obair. Tá cláir eile ar fáil fosta fá choinne duine atá ag iarraidh iarracht níos proifisiúnta a dhéanamh. Is féidir eolas a aistrieu gan stró ó shareware agus freeware go dtí na cláir níos proifisiúnta sa dóigh is nach gcaithfidh tú achan rud a scríobh amach arís.


Is é an chéad duine gur chóir duit a luadh sa chomhad ná tú féin agus do gartheaghlach. De réir mar a chuireann tú ceisteanna ar an chlann éiríonn an crann clainne níos mó agus níos mó. Ina dhiaidh sin thig leat teacht i dteagmháil le daoine eile atá ag déanamh taighde ar an ainm chéanna, tríd an suíomh seo nó ar an idirlíon.


Tá eolas fá thaighde teaghlaigh ar fáil ag :

Cyndi's List for Irish Genealogy Research
The UK & Ireland Genealogical Information Service (GENUKI)
Rootsweb
www.familysearch.org