|
Iascaireacht
Tá
slat-iascaireachta locha agus farraige ar dóigh in Árainn
Mhór. Tá an breac buí i ndá cheann
de locha f’oruisce an oileáin agus is é Loch Thoir
an t-aon loch amháin san Eoraip ina mbeathaítear
an breac ballach go nadúrtha. Sna farraigí saibhre
thart timpeall an oileáin gheobhfá an trosc, an
langa, an mhuirlis, an eascann concarach, an leathóg, an
phollóg, an scadán agus an sciata.
|