|
Siúl
Tá
áilleacht fhiáin in Árainn Mhór, áit
ina bhfuil go leor siúlóidí treoraithe gur
féidir le daoine ’ a bhlaiseadh ar chos nó ar na
rothair atá ar fáil ar cíos ag an ché.
Tá an taobh thiar den oileán greannta agus buaillte
ag cumhacht an Atlantaigh agus is ann a bhfaighfeá uaimheanna
mara agus stacaí cloiche atá mar chuid de dhreach
aillte, a leithéid nach bhfaighfeá in Éirinn
ó thaobh maorgachta de. Is áit chrocach í
an t-oileán le screabán agus locha beaga mar is
dual do cheantar na Rosann. Tá radharcanna iontacha ó
Oileán Thoraí go Gleann Cholm Cille ar an tír
mór le sonrú ag an siúltóir agus é
ag déanamh a bhealaigh thart ar an 7 m’le cearnach d'oileán.
Tá teach solais suite ar Rinn Rabhrais ó bhí
1798 ann (sa bhliain 1865 a tógadh an ceann atá
ann anois) ag treorú taistealaithe mara agus a gcoinneáil
ó chósta garbh an oileáin. Tá sé
mar bhun scríbe maith don té atá ag iarraidh
taiscéaladh a dhéanamh ar an cheantar máguaird.
|