|
Development
News in Brief
Suirbhé
Locha
Thug Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn
Mhór i gcomhpháirtíocht le Club Slat-iascaireachta
Árainn Mhór faoi shuirbhé ar locha
an oileáin i mí Mheán Fómhair
féachaint chuige iad a stocáil le breac. Ba
iad an Dr. Willie Roche ón Bhord Lárnach Iascaigh
agus Leslie McIntyre ó Bhord Iascaigh Réigiún
an Tuaiscirt a thug faoin obair ar 5 loch de chuid an oileáin,
chun a fháil amach an mbeadh siad fóirsteanach
do stocáil le réimsí éagsúla
breac. Rinneadh stocáil ar Loch Thoir, ar an oileán,
sa bhliain 1901 le breac (rainbow?) ó Mheiriceá
Thuaidh agus tá sé anois ar cheann de dhá
loch san Eoraip ina gcothaítear an t-iasc sin go
nadúrtha. Tá an loch eile i bPoblacht na Seice.
Beidh stoc breac (donn agus rainbow) réidh fá
choinne séasúr na bliana seo chugainn.
Lake
Survey
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta
Árainn Mhór and the Árainn Mhór
angling club carried out a survey of the islands lakes in
September with a view to stocking them with trout. Dr. Willie
Roche of the Central Fisheries Board and Leslie McIntyre
of the Northern Regional Fisheries Board carried out a detailed
survey of five of the lakes to determine their suitability
for stocking with different trout species. Loch Thoir, one
of the island lakes, was originally stocked in 1901 with
rainbow trout from North America and it is one of two lakes
in Europe where rainbow trout breed naturally. The other
lake is located in the Czech Republic. A stock of brown
and rainbow trout will be in place for next years fishing
season.
Eolais Turasóireachta
Chuir Comharchumann Forbartha & Fostaíochta Árainn
Mhór i gcomhpháirtíocht le Údarás
Turasóireachta an Iar-thuaiscirt ionad eolais turasóireachta
ar bun ar an oileán thar mhíonna an tsamhraidh.
Bhí an t-ionad lonnaithe in áitreabh nuamháisithe
ceardaíochta Údarás na Gaeltachta atá
taobh leis an ché. Fostaíodh mac léinn
de chuid an oileáin san ionad, mar chuid de scéim
samhraidh na mac-léinn, chun eolas a dháileadh
ar thurasóirí agus chun cuid de thairgí
traidisiúnta an oileáin a dhíol. Tá
súil ag an chomharchumann go gcuirfí leis
na seirbhísí agus earraí a bheas ar
díol san áitreabh an bhliain seo chugainn.
Tourism Information Point
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta
Árainn Mhór and North West Tourism Authority
provided a tourism information point on the island over
the Summer months. The information point was located in
the newly refurbished Údarás na Gaeltachta
owned craft shop which is located near the ferry pier. An
island student on the Student Summer Scheme manned the information
point, which provided a range of services including the
sale of island products and information on things to see
and do on the island. The co-op hope to build on the success
of the information point by stocking a wider range of products
next Summer.
Léarscáil Oileáin
Tá Comharchumann Forbartha & Fostaíochta
Árainn Mhór ag obair ar bhroiseár dhátheangach
don oileán. Beidh eolas faoin Árainn Mhór,
a stair agus a daoine ann chomh maith le léarscáil
nua-aimseartha den oileán ar a mbeidh áiteanna
le sonrú marcáilte ann, rudaí atá
le déanamh, áiseanna agus bealtaí siúlóide
(siúlóid Árainn Mhór agus Bealach
na Gaeltachta san áireamh) Ba mhaith linn buíochas
a ghabháil leis an Roinn Gnóithí Pobail
agus Teaghlaigh as an bhroiseár a mhaoiniú.
Island Map
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta
Árainn Mhór are working on a bilingual brochure
for the island. The brochure will include an introduction
to Árainn Mhór, its history and people, an
updated map of the island with points of interest, things
to do, facilities and walking routes including the Arranmore
Way and Bealach na Gaeltachta. We would like to acknowledge
the support of the Department of Social Community &
Family Affairs for providing funding for the brochure.
Togra Iompair Tuaithe
Tá Comharchumann Forbartha & Fostaíochta
Árainn Mhór agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta
i ndiaidh a bheith ag obair le chéile ar chlár
trialach faoin tógra iompair tuaithe chun seirbhís
iompair phoiblí a chur ar fáil don oileán.
Is é ata i gceist leis an tógra seo ná
go gcuirfí mionbhus agus dhá thiománaí
ar fáil do phobal an oileáin go ginearalta
agus do pháistí scoile agus seandaoine go
háirithe. Leanfaidh an bus bealach rialta a bheas
aontaithe ag pobal an oileáin agus beidh sé
ina bhuntaiste mhór don phobal, gan a bheith ag tracht
ar an dá phost tábhachtach a chruthófar.
Rural Transport Initiative
Comharchumann Forbartha & Fostaíochta
Árainn Mhór have been working with Meitheal
Forbartha na Gaeltachta on a pilot programme proposal under
the Rural Transport Initiative which will provide public
transport for the island. The project involves the provision
of a minibus and up to two drivers from the island to provide
transport for the whole island population, but the elderly
and schoolchildren in particular. The bus will service a
number of regular bus routes worked out in consultation
with locals. The project will be a major benefit to islanders
as well as providing two vital jobs on the island.
|